|
Gaelachas
Teo
- Seasca bliain ag
cothú foirfeachta.
- Sixty years promoting
excellence.
Gaelachas
Teo
I
1944 cuireadh Gaelachas Teoranta ar bun chun saol Gaelach idir theanga,
cultúr, traidisiún, ceol agus drámaíocht
a chur chun cinn I slí phraiticiúil. Díoladh scaranna
le daoine ar suim leo leas na tíre agus cur chun cinn na Gaeilge.
Úsáideadh
an t-airgead chun Coláiste Samhraidh a bhunú I nGarraí
Bhoithe. Ba shin é an tosach.
Tá gnó na gColáistí Samhraidh fós
faoi lánseol I nGleann Maghair agus ar Oileán Cléire.
Chomh maith leis sin tá Bunscoil lán-Ghaelach agus Meánscoil
lán-Ghaelach I nGleann Maghair. Bunaídh Scoil
na nÓg | 1959 agus Coláiste
an Phiarsaigh | 1973.
Ó
1973 I leith tá an-chuid tógála déanta.
Tógadh Coláiste an Phiarsaigh, tógadh foirgneamh
nua do Scoil na nÓg agus críochnaíodh síneadh
breá fairsing le Coláiste an Phiarsaigh 1995.
Le
seasca bliain tá Gaelachas Teoranta ina gceannródaithe
sa tír seo in obair athbheochana na Gaeilge. Sa bhliain 1944
bhunaíodar ceann de na chéad Choláistí Samhraidh
Gaeilge I nGarraí Bhóithe, Co. Chorcaí. Ón
lá stairiúil sin fadó tá borradh agus fás
tagtha faoi na Coláistí Samhraidh ar fud na tíre.
I
láthair na huaire tá dhá Choláiste faoina
gcúram:- An Nua-Choláiste Samhraidh
í nGleann Maghair agus Coláiste
Chiaráin in Oileán Cléire.
Gaelachas
Teo
In 1944 Gaelachas
Teoranta, a non-profitmaking limited company, was founded to promote
the Irish language and all aspects of Irish culture. The company was
funded originally by the subscriptions of the Irish shareholders, all
of whom shared a deep love of Irish and a willingness to take part in
any enterprise which would benefit the Irish people.
The generosity of
these first shareholders enabled the infant company to embark on its
first venture - the setting up of a Summer College in Garryvoe. The
achievements of the company to date include flourishing Summer Colleges
at Glanmire and in the Gaeltacht island of Cape Clear, an Irish-medium
Primary boarding school (Scoil na nÓg) and an Irish-medium Second
level school (Coláiste an Phiarsaigh) in Glanmire.
Scoil
na nÓg was founded in 1959 and Coláiste
an Phiarsaigh in 1973.
For over sixty years
Gaelachas Teo have been pioneers in the language revival movement in
Ireland. In 1944 they opened one of the first Irish Summer Colleges
in Garryvoe, Co. Cork. Since that July day over sixty years ago the
growth and development of the Irish Summer Colleges all over the country
have been phenomenal.
Presently Gaelachas
Teo operate two thriving Coláistí, one in Glanmire
and the other in Cape Clear Island.
Cad Chuige an Ghaeilge?
Is í
an Ghaeilge an meán is cumhachtaí atá againn chun
ár bhféiniúlacht náisiúnta a chothú
agus a fhorbairt.
Tá
éileamh ar oideachas agus ar sheirbhísí as Gaeilge
ag fás, Ón bpobal féin agus ní ó
cheannairí stáit atá an t-éileamh seo ag
teacht. Creideann said siúd atá ag éileamh oideachais
agus seirbhisí trí Ghaeilge dóibh féin agus
dá sliocht gur fearrde iad an Ghaeilge a bheith acu, go dtugann
sé buntáiste dóibh má theastaíonn
uathu teanga eile a fhoghlaim agus go mbíonn siad bródúil
as an líofacht atá acu ina dteanga féin.
Is
í an Ghaeilge an chuid is saibhre d'oidhreacht na tíre
seo. Is linn féin í. Beidh ár scéal féin
agus scéal ár gcine ceilte orainn gan í.
Taispeánann
an tOllamh J.J. Lee ina leabhar "Ireland 1912-1985" go bftuil
fianaise láidir ann go gcabhraíonn athnuachan náisiúnta
agus meas ar theanga na tíre le dul chun cinn eacnamáiochta.
Luann sé tíortha mar an Danmhairg, an tSualann, an Ioruaidh,
an Fhionnlann, an Ísiltír - tíortha beaga a bhí
dílis dá dteangacha dúchais. Níorbh aon
bhac orthu an teanga dúchais.
Is
dúshlán dúinn go léir ceist na Gaeilge.
Tá Gaelachas Teo ag tabhairt aghaidh ar an ndúshlán
sin le beagnach seasca bliain.
|